Skip to main content

Ráiteas Príobháideachais Sonrach – Tairseach Eorpach na hÓige

 

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin 
gcaoi a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

 

An oibríocht phróiseála: Ráiteas Príobháideachais Sonrach – Tairseach Eorpach na hÓige (EYP)

Rialaitheoir Sonraí: AS.EAC.B3 – Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC)/ Stiúrthóireacht B – Óige, Oideachas agus Erasmus+/ Aonad B.3 – Óige agus Dlúthpháirtíocht le hOibrithe Deonacha

Tagairt taifid:DPR-EC-00371.3

 

1.    RÉAMHRÁ

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an chaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus an chaoi a ndéanfaimid cosaint na sonraí sin a chinntiú, an chaoi a n-úsáidtear an t-eolas sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Soláthraítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Cuirtear i láthair thíos an t-eolas i ndáil leis an oibríocht phróiseála DPR-EC-00371.3, i ndáil le Tairseach Eorpach na hÓige (EYP) agus leis na seirbhísí ar líne a bhaineann léi, ar nós suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir fón póca, a sholáthraíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC)/ Stiúrthóireacht B – Óige, Oideachas agus Erasmus+/ Aonad B.3 – Óige agus Dlúthpháirtíocht le hOibrithe Deonacha (AS.EAC.B.3).

 

2.    CÉN FÁTH AGUS CÉN CHAOI A bPRÓISEÁLAIMID DO SHONRAÍ PEARSANTA?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Déanann AS.EAC.B.3 sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid chun faisnéis agus deiseanna a sholáthar do dhaoine óga ar fud na hEorpa maidir le téamaí Chláir Óige an Aontais Eorpaigh.

Is iad seo a leanas na cuspóirí atá leis an mbailiú sonraí:

  • Soláthar eolais

    • Eolas teagmhála a chur ar fáil don phobal i gcoitinne (i bhfoirm céadainmneacha nó sloinnte agus/nó seoltaí ríomhphoist iad siúd a mbaineann ailt, imeachtaí nó míreanna nuachta leo).

    • É a chur ar chumas úsáideoirí údaraithe go gclárófaí iad ar EYP mar údair/eagarthóirí, agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil nuair is gá sin.

  • An fhoirm chun cheist a chur

    • É a chur ar chumas daoine aonair ceist a chur trí EYP agus freagra a fháil ó Eurodesk, Nasc na Bruiséile, líonra Eurodesk agus/nó riarthóirí EYP.

  • An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

    • É a chur ar chumas an aosa óig clárú chun a bheith páirteach leis an gCór trína gcuid bunsonraí pearsanta agus teagmhála a chur ar fáil. É a chur ar chumas chláraithe an Chóir na nithe seo a leanas a chur ar fáil go deonach freisin: breis sonraí teagmhála, sonraí maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí is suim leo, eolas faoi na scileanna agus faoin taithí a bheadh le roinnt acu le gníomhaíochtaí, maille le cuntas comair ar an oideachas a fuair siad, ar a stair fostaíochta agus ar aon obair dheonach atá déanta cheana acu.

    • É a chur ar chumas chláraithe an Chóir ríomhphoist, nuachtlitreacha agus fógraí eile a fháil a bhaineann leis an gCór agus le tionscnaimh eile atá dírithe ar an óige, cibé an tionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad nó nach iad, mar aon le suirbhéanna agus modhanna eile chun aiseolas a bhailiú ó chláraithe. Féadfaidh cláraithe an Chóir a chur in iúl cé na cineálacha teachtaireachtaí ab fhearr leo a fháil.

    • É a chur ar chumas an Chóir deiseanna oiliúna a chur ar fáil do chláraithe an Chóir.

    • É a chur ar chumas chláraithe an Chóir aiseolas a thabhairt faoi na seirbhísí agus na próisis.

    • É a chur ar chumas rannpháirtithe an Chóir taifead a dhéanamh dá dtorthaí foghlama neamhfhoirmiúla san uirlis sheachtrach ‘Youthpass’.

    • É a chur ar chumas chláraithe an Chóir labhairt le chéile trí na gnéithe sin d’aip mhóibíleach an Chóir a bhaineann le ‘tógáil pobail’. Ina measc sin, tá an cumas chun ábhar ó úsáideoirí maidir lena n-eispéireas sa Chór a phostáil, sin agus postálacha ó chláraithe eile a fheiceáil agus nótaí tráchta a fhágáil orthu, a bpostálacha féin a roinnt ar na meáin shóisialta, gníomhaíochtaí a chuardach agus iarratas a dhéanamh orthu, páirt a ghlacadh i gcomórtais agus úsáid a bhaint as an ngné comhrá duine ar dhuine. Féadfaidh siad postálacha a bhaineann leo a thuairisciú chuig riarthóirí an Chóir freisin. Ní mór do na postálacha sin a bheith ag teacht le Téarmaí agus Coinníollacha úsáide Thairseach Eorpach na hÓige, atá ar fáil ar líne. Féadfaidh siad abhatár a uaslódáil dá bpróifíl freisin, agus an áit a bhfuil siad a thabhairt le fios.

    • É a chur ar chumas ionadaithe údaraithe eagraíochtaí a bhfuil an t-údarú acu gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil próifílí ar a n-eagraíochtaí a choinneáil ar bun, céadainmneacha agus sloinnte agus / nó seoltaí ríomhphoist na ndaoine a bhfuil baint acu leis na heagraíochtaí agus leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad leis an gCór san áireamh.

    • É a chur ar chumas ionadaithe údaraithe eagraíochtaí a bhfuil an t-údarú acu gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil bunachar sonraí chláraithe an Chóir a chuardach chun daoine a lorg a bheadh sásta obair dheonach a dhéanamh ar cheann de ghníomhaíochtaí an Chóir, trí shonraí na gníomhaíochta atá beartaithe a mheaitseáil leis na sonraí pearsanta agus na céadroghanna a chuir cláraithe an Chóir ar fáil.

    • É a chur ar chumas na n-ionadaithe údaraithe sin dul i dteagmháil leis na hiarrthóirí roghnaithe, is é sin i gcás inar thoiligh na hiarrthóirí cláraithe sin go bhféadfadh an eagraíocht teagmháil a dhéanamh leo ar an gcaoi sin.

    • É a chur ar chumas na n-ionadaithe údaraithe sin gníomhaíochtaí faoi leith a thairiscint d’iarrthóirí cláraithe an Chóir agus bainistiú a dhéanamh ar na tairiscintí a rinneadh.

    • É a chur ar chumas riarthóirí an Chóir bainistiú a dhéanamh ar bhunachar sonraí chláraithe an Chóir mar aon le cúnamh a thabhairt do chláraithe an Chóir.

    • É a chur ar chumas Gníomhaireachtaí Náisiúnta atá freagrach as Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun feidhme na seiceálacha, na hiniúchtaí agus na meastóireachtaí a dhéanamh ar thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus ina bhfuil na cláraithe páirteach, sin agus cúnamh a thabhairt d’ionadaithe údaraithe na n-eagraíochtaí trí rochtain a thabhairt dóibh ar bhunachar sonraí an Chóir.

    • É a chur ar chumas riarthóirí an Chóir bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Chóir agus ar nósanna imeachta cuardaigh agus meaitseála an Chóir, mar aon le cúnamh a thabhairt d’ionadaithe údaraithe na n-eagraíochtaí sin a bhfuil an t-údarú acu gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil.

    • É a chur ar chumas riarthóirí an Chóir agus páirtithe iontaofa nach iad eolas agus fógraí faoin gCór agus faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann leis a sheoladh chuig cláraithe an Chóir agus chuig ionadaithe údaraithe eagraíochtaí.

    • É a chur ar chumas riarthóirí an Chóir anailís a dhéanamh ar shonraí na gcláraithe agus ar an aiseolas a fhaightear uathu.

    • É a chur ar chumas riarthóirí an Chóir athbhreithniú a dhéanamh ar phostálacha agus ar nótaí tráchta arna seoladh nó arna dtuairisciú ag cláraithe, agus bearta cuí a dhéanamh mura bhfuil siad sin ag teacht le Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide Thairseach Eorpach na hÓige.

    • É a chur ar chumas Thoscaireachtaí an Aontais eolas a fháil maidir le rannpháirtithe an Chóir atá imlonnaithe sna tíortha ina bhfuil na Toscaireachtaí sin lonnaithe.

  • Bunachar sonraí d’eagraíochtaí agus de dheiseanna

    • Eolas teagmhála a chur ar fáil don phobal i gcoitinne (i bhfoirm céadainmneacha agus sloinnte agus / nó seoltaí ríomhphoist iad siúd a bhfuil baint acu le heagraíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhfuil Lipéad Cáilíochta acu).

    • É a chur ar chumas eagraíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhfuil Lipéad Cáilíochta acu sonraí teagmhála foilsithe a n-eagraíochtaí a bhainistiú.

    • É a chur ar chumas eagraíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhfuil Lipéad Cáilíochta acu a ndeiseanna a fhógairt d'iarrthóirí ionchasacha, agus é a chur ar chumas daoine óga teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí sin.

    • É a chur ar chumas riarthóirí EYP cúnamh teicniúil a thabhairt d’eagraíochtaí.

  • DiscoverEU

    • É a chur ar chumas daoine óga iarratas a dhéanamh ar an tionscnamh trína gcuid bunsonraí pearsanta, sonraí teagmhála, agus eolas breise maidir le taisteal a chur ar fáil (cf. Roinn ‘Cé na sonraí pearsanta a bhailímid i dTairseach Eorpach na hÓige?’).

    • É a chur ar chumas daoine óga ríomhphoist agus fógraí eile a fháil a bhaineann le DiscoverEU agus le tionscnaimh eile atá dírithe ar an óige, cibé an tionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad nó nach ea, mar aon le suirbhéanna agus modhanna eile chun aiseolas a bhailiú ó iarratasóirí, chun tuilleadh cumarsáide, ábhar feachtais agus cuirí chuig imeachtaí a bhaineann le tionscnaimh a fháil, cibé an tionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad nó nach ea, ach amháin tar éis d’iarratasóirí a dtoiliú sainráite féin a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus do chonraitheoirí údaraithe an Choimisiúin teagmháil a dhéanamh leo.

    • É a chur ar chumas riarthóirí DiscoverEU agus an conraitheoir údaraithe teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí ar an liosta ionadaithe le ríomhphost nó ar an bhfón.

    • É a chur ar chumas Gníomhaireachtaí Náisiúnta atá freagrach as Erasmus+ a chur chun feidhme teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí roghnaithe agus iarratasóirí ar an liosta ionadaithe trí ríomhphost nó ar an bhfón chun cuirí chuig imeachtaí a sheoladh chucu.

    • É a chur ar chumas eagraíochtaí meán clóite, teilifíse nó raidió arna roghnú ag an gCoimisiún Eorpach teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí roghnaithe, tar éis do na hiarratasóirí roghnaithe aontú leis sin go sainráite.

    • É a chur ar chumas an chonraitheora údaraithe pas taistil a thairiscint do gach iarratasóir roghnaithe.

    • É a chur ar chumas riarthóirí DiscoverEU sonraí iarratasóirí atá stóráilte ar líne a rochtain agus a chur ar a gcumas leanúint ar aghaidh le roghnú iarratasóirí agus cúnamh a chur ar fáil d’iarratasóirí DiscoverEU (an dara leibhéal tacaíochta). Is iad na Eurodesk-anna a chuirfidh an chéad leibhéal tacaíochta ar fáil.

    • É a chur ar chumas riarthóirí DiscoverEU anailís a dhéanamh ar shonraí na n-iarratasóirí agus ar an aiseolas a fhaightear ó na hiarratasóirí.

    • É a chur ar chumas an chonraitheora údaraithe Cárta Óige Eorpach (EYCA) a thairiscint do gach iarratasóir nár roghnaíodh (ar bhonn a dtoilithe).

Breithnithe comónta:

Le haghaidh cuid de na gnéithe thuasluaite, reáchtálann Tairseach Eorpach na hÓige agus a bhfothairsigh comórtais ó am go chéile, ar féidir gur gá sonraí pearsanta a chur isteach mar gheall orthu. Tá rannpháirtíocht sna comórtais sin iomlán roghnach, agus cuirtear rannpháirtithe ionchasacha ar an eolas faoi aon impleachtaí a bhaineann le sonraí pearsanta sula gcuirfear aon rud isteach.

Chun rochtain a fháil ar fheidhmiúlachtaí áirithe, d’fhéadfaí go n-iarrfaí ar úsáideoirí logáil isteach agus iad féin a fhíordheimhniú sula mbeidh siad in ann na gnéithe sin a úsáid. Leis sin a dhéanamh, féadfaidh EYP Seirbhís Bainistíochta Aitheantais (IMS) an Choimisiúin Eorpaigh a úsáid, leis an gcóras EU Login. Tá Ráiteas Príobháideachais dá chuid féin ag an gcóras sin.

Ní phróiseálfaidh an Coimisiún Eorpach ná na heagraíochtaí a bhfuil sé de chúram orthu na feidhmeanna sin de chuid Thairseach Eorpach na hÓige a dhéanamh na sonraí pearsanta a bailíodh chun aon chríche seachas na críocha thuasluaite.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

 

Is iad seo a leanas príomhbhunúis dlí na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta le haghaidh Thairseach Eorpach na hÓige: Rialachán (AE) 2021/888 lena mbunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014, Rialachán (AE) 2021/817 lena mbunaítear an Clár Erasmus+ agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, agus Cinneadh ón gCoimisiún maidir le cláir oibre bhliantúla 2018, 2019 agus 2020 don réamhbheart ‘DiscoverEU: Pasanna taistil saor in aisce d’Eorpaigh atá ag slánú 18 mbliana d’aois’.

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas: 

(a) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid de chuid an Aontais nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

(b) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;

(c) tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

Tá na gníomhaíochtaí próiseála seo a leanas bunaithe ar thoiliú sainráite na rannpháirtithe: 

  • Úsáid a bhaint as sonraí teagmhála (seoltaí ríomhphoist) na rannpháirtithe chun a chur ar a gcumas ríomhphoist agus fógraí eile a fháil a bhaineann le DiscoverEU agus le tionscnaimh eile atá dírithe ar an óige, cibé an tionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad nó nach ea, mar aon le suirbhéanna agus modhanna eile chun aiseolas a bhailiú ó iarratasóirí, chun tuilleadh cumarsáide, ábhar feachtais agus cuirí chuig imeachtaí a bhaineann le tionscnaimh a fháil, cibé an tionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad nó nach ea, ach amháin tar éis d’iarratasóirí a dtoiliú sainráite féin a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus do chonraitheoirí údaraithe an Choimisiúin teagmháil a dhéanamh leo.

  • É a chur ar chumas eagraíochtaí meán clóite, teilifíse nó raidió arna roghnú ag an gCoimisiún Eorpach teagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí roghnaithe, tar éis do na hiarratasóirí sin a dtoiliú sainráite a thabhairt maidir leis sin.

  • Sonraí pearsanta rannpháirtithe a phróiseáil chun a chur ar chumas an chonraitheora údaraithe Cárta Óige Eorpach (EYCA) a thairiscint do gach iarratasóir nár roghnaíodh (ar bhonn a dtoilithe).

  • Eolas a chur ar fáil le haghaidh alt, míreanna nuachta, imeachtaí agus scéalta. Déanann baill foirne Eurodesk i Nasc na Bruiséile agus baill foirne eagraíochtaí náisiúnta atá i líonra Eurodesk na sonraí sin a chur isteach agus a choinneáil de láimh. Tá taispeáint agus foilsiú sonraí pearsanta sna hailt, sna himeachtaí nuachta, sna himeachtaí nó sna scéalta sin faoi réir toil shainráite iad siúd lena mbaineann siad.

  • É a chur ar chumas chláraithe/rannpháirtithe an Chóir comórtais a leanúint tríd an aip. Roinnt de na gnéithe atá ar fáil ar Thairseach Eorpach na hÓige, tá siad ar fáil freisin ar aip mhóibíleach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Dá bhrí sin, cumhdaítear an aip mhóibíleach freisin leis an ráiteas príobháideachais seo. A luaithe a ghlacann cláraithe/rannpháirtithe páirt sa chomórtas, iarrfar a dtoiliú gníomhach san aip.

A luaithe a chláraíonn ábhair sonraí leis an gCór nó a dhéanann siad iarratas ar DiscoverEU, toilíonn siad leis go ndéanfar próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta chun na gcríoch a shainaithnítear thuas trí thic a chur i mbosca, bosca nach bhfuil tic ann go huathoibríoch. Maidir le hábhar a fhoilsítear ar Thairseach Eorpach na hÓige, tugtar toiliú ag baint úsáid as foirmeacha toilithe, foirmeacha a shínítear sula bhfoilsítear an t-ábhar.

 

4.    CÉ NA SONRAÍ PEARSANTA A BHAILÍMID AGUS A PHRÓISEÁLAIMID? 

Chun an oibríocht phróiseála AS.EAC.B.3. a dhéanamh, bailímid na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

  • Soláthar eolais

    • Daoine as an bpobal a bhfuil baint acu le halt, imeacht nó mír nuachta: céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist.

    • Baill foirne Eurodesk, Nasc na Bruiséile, nó baill foirne eagraíochtaí náisiúnta atá i líonra Eurodesk: céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, tír.

  • An fhoirm chun cheist a chur

    • Caithfidh daoine as an bpobal a chuireann ceist isteach tríd an bhfoirm shonrach a gcéadainm agus a seoladh ríomhphoist a thabhairt.

  • An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

    • Ní mór do dhaoine as an bpobal a shocraíonn dul isteach sa Chór an buneolas seo a leanas a chur ar fáil: céadainm, sloinne, dáta breithe, inscne, an tír ina bhfuil cónaí dleathach orthu, náisiúntacht, seoladh ríomhphoist, an teanga chumarsáide is rogha leo, na cineálacha gníomhaíochtaí de chuid an Chóir is suim leo, scileanna agus taithí, agus nóta lena gcuirtear in iúl go bhfuil glactha acu le Misean agus Prionsabail an Chóir.

    • Tar éis dó céim tosaigh an chlárúcháin is gá chun dul isteach sa Chór a chur de, féadfaidh an duine i gceist eolas breise faoi féin a chur ar fáil go deonach, mar atá: seoladh poist, uimhreacha fóin, achoimre ar an oideachas a fuair sé agus ar a stair fostaíochta, eolas faoi obair dheonach atá déanta cheana aige, scileanna teanga, a mhéid a bheidh fáil air chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí de chuid an Chóir, an chúis ar mian leis obair a dhéanamh ar cheann de ghníomhaíochtaí an Chóir, na tíortha ba rogha leis dul chucu chun an obair sin a dhéanamh, a rogha gairm bheatha, aon eolas breise is mian leis an úsáideoir a sholáthar, pé acu an mian nó nach mian leis teachtaireachtaí ríomhphoist, nuachtlitreacha, fógraí agus cineálacha cumarsáide nach iad a fháil ón gCór. Nuair atá iarratas á dhéanamh ag an duine ar dheis a fhógraíonn eagraíocht, féadfaidh sé aon eolas breise atá á lorg ag eagraíochtaí a sholáthar freisin.

    • Féadfaidh an duine sin a CV féin a uaslódáil i bhfoirm doiciméid, ar an tuiscint go ndéanfar gach a bhfuil d’eolas sa CV sin, sonraí teagmhála agus sonraí pearsanta eile san áireamh, a chur ar fáil d’ionadaithe na n-eagraíochtaí sin a bhfuil an t-údarú acu gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil agus go bhféadfaidh siad úsáid a bhaint as ina bpróisis roghnúcháin chun cláraithe le haghaidh a ngníomhaíochtaí féin a roghnú.

    • Trí aip mhóibíleach an Chóir, féadfaidh siad ábhar ó úsáideoirí a bhaineann lena n-eispéireas leis an gCór a phostáil freisin, agus nótaí tráchta a sheoladh isteach faoi phostálacha a dhéanann cláraithe eile. Ní mór do na postálacha sin a bheith ag teacht le Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide Thairseach Eorpach na hÓige.

    • Is féidir leo abhatár a uaslódáil chuig a bpróifíl ar aip mhóibíleach an Chóir, a suíomh reatha a léiriú agus gníomhaíochta a chuardach agus iarratas a dhéanamh orthu freisin.

    • Trí aip mhóibíleach an Chóir, bailítear sonraí eile atá nasctha le haitheantóirí úsáideora (ainm úsáideora, aitheantas an ghléis), le húsáid (idirghníomhú le táirgí: líon na n-uaireanta a osclaíodh an aip agus na leathanaigh ar ar tugadh cuairt chomh maith le sonraí úsáide eile: an cineál gléis agus brabhsálaí) agus le diagnóisic (sonraí maidir le cliseadh).

    • Beidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ina ardán chun gur fusa eagraíochtaí agus daoine aonair a thabhairt le chéile agus ní dhéanfaidh AS EAC aon mheastóireacht ar shonraí pearsanta an ábhair sonraí.

    • Ionadaithe údaraithe na n-eagraíochtaí sin a bhfuil an t-údarú acu gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil: céadainm, sloinne, ainm úsáideora, seoladh ríomhphoist, eagraíocht/eagraíochtaí a bhfuil an duine i dteideal iad a riar, nóta lena gcuirtear in iúl go bhfuil glactha aige le Misean agus Prionsabail an Chóir.

  • Bunachar sonraí d’eagraíochtaí agus de dheiseanna

    • Daoine as an bpobal a bhfuil baint acu le heagraíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhfuil Lipéad Cáilíochta acu: céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist.

    • Bainisteoirí Eagraíochtaí: céadainm, sloinne, ainm úsáideora, seoladh ríomhphoist, eagraíocht/eagraíochtaí a bhfuil an duine i dteideal iad a riar.

  • DiscoverEU

    • Ní mór do dhaoine aonair nó ceannairí grúpaí as an bpobal a bheartaíonn ar iarratas a dhéanamh an buneolas seo a leanas a chur ar fáil: céadainm, sloinne, dáta breithe, inscne, an tír ina bhfuil cónaí dleathach orthu, náisiúntacht, seoladh ríomhphoist, uimhir aitheantais nó uimhir an phas, uimhir theileafóin, gairm bheatha. Ní mór d'iarratasóirí sraith ceisteanna a fhreagairt maidir le taisteal, amhail an tréimhse taistil atá uathu, más í seo an chéad uair dóibh a bheith ag taisteal chuig tír eile san Aontas, nó an chéad uair dóibh a bheith ag taisteal gan a dtuismitheoirí/gcúramóirí, na rudaí ba mhaith leo a fhoghlaim ón eispéireas seo, na gníomhaíochtaí ba mhaith leo a dhéanamh le linn an turais, conas a íocfaidh siad as a gcostais, agus conas a fuair siad amach faoi thionscnamh DiscoverEU.

    • Sa chás go gcuireann grúpa iarratas isteach, ní mór do cheannaire an ghrúpa an cineál céanna eolais a chur ar fáil, agus ina dhiaidh sin ginfear cód a úsáidfidh baill eile an ghrúpa chun a gcuid sonraí pearsanta a líonadh isteach.

    • Féadfar seoladh ríomhphoist agus uimhir fóin na n-iarratasóirí roghnaithe a roinnt le heagraíochtaí meán arna roghnú ag an gCoimisiún Eorpach tar éis do na hiarratasóirí aontú go sainráite go bhféadfadh eagraíochtaí meán chomh maith le hIonadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus Seirbhís Urlabhraí an Choimisiúin teagmháil a dhéanamh leo. A luaithe a aontóidh na hiarratasóirí a seolta ríomhphoist a thabhairt do na heagraíochtaí meán, ní mór dóibh a bheith ar an eolas go bhfuil siad faoi réir ráiteas príobháideachais na heagraíochta meán sonraí atá i gceannas.

    • Féadfaidh an Coimisiún Eorpach sonraí pearsanta iarratasóirí roghnaithe DiscoverEU a roinnt (go sonrach, céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, dáta breithe, tír) lena chonraitheoir údaraithe atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí cumarsáide, chun cuirí chuig imeachtaí a sheoladh nó ticéad taistil a chur in áirithint chun freastal ar imeacht, mar shampla.

    • Sonraí pearsanta na n-iarratasóirí a roghnaítear agus na n-iarratasóirí ar an liosta ionadaithe DiscoverEU (go sonrach céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, dáta breithe, tír), d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach na sonraí sin a roinnt le Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ chun cuirí chuig imeachtaí a sheoladh chucu.

    • Féadfaidh an Coimisiún Eorpach sonraí pearsanta iarratasóirí neamhroghnaithe DiscoverEU a roinnt (go sonrach, ainm, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, dáta breithe, tír) lena chonraitheoir údaraithe chun an cárta EYCA a bhronnadh orthu

Níl sé riachtanach sonraí pearsanta a sholáthar ach amháin chun na riachtanais a chomhlíonadh chun páirt a ghlacadh i gcláir DiscoverEU agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Mura gcuirfidh tú do shonraí pearsanta ar fáil, ní bheidh cead agat páirt a ghlacadh sna cláir.

 
5.    CÁ FHAD A CHOINNÍMID DO SHONRAÍ PEARSANTA?

Ní choinníonn AS.EAC.B.3 do shonraí pearsanta ach amháin chomh fada is gá chun cuspóir an bhailithe a chomhlíonadh nó chun próiseáil bhreise a dhéanamh orthu.

Cuirfear sonraí pearsanta atá in alt, mír nuachta nó luaite le himeacht sa chartlann, maille leis an sliocht a bhfuil sé laistigh de, 2 bhliain ón dáta a mbainfear an sliocht as an gcóras. 

Cuirfear sonraí pearsanta i gcuntais arna gcruthú le haghaidh eagarthóirí agus údair a choinnítear i dTairseach Eorpach na hÓige sa chartlann 2 bhliain tar éis dháta logála isteach deiridh na n-úsáideoirí sin ar EYP leis na cuntais sin.

Sonraí pearsanta atá i gcuntais úsáideoirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, déanfar iad a scriosadh 3 bliana tar éis dóibh an uas-aois rannpháirtíochta sa Chór a bhaint amach, ach amháin sa chás gur thoiligh an t-úsáideoir dul isteach i scéim alumni a d'fhéadfadh a bheith ann an t-am sin, agus má tá sé ráite aige trí ríomhphost go bhfuil suim aige an cuntas úsáideora a choimeád nó má bhain sé tairbhe as cistiú ón Aontas trí pháirt a ghlacadh sa chlár, agus sa chás sin coinnítear na sonraí ar feadh 5 bliana ón idirbheart airgeadais deireanach de réir an liosta coinneála chomónta.

Scriosfar sonraí pearsanta atá in iarratais úsáideoirí nár roghnaíodh le haghaidh DiscoverEU 2 bhliain tar éis dóibh a n-iarratas a chur isteach, ach amháin má tá suim léirithe acu eolas a fháil faoi sheirbhísí eile de chuid Thairseach Eorpach na hÓige, nó faoina bheith bainteach leo, agus sa chás sin, coinnítear na sonraí ar feadh 5 bliana ar a mhéad. Tar éis na tréimhse sin, déanfar a sonraí pearsanta a anaithnidiú agus ní choinneofar iad ach chun críocha staitistiúla. 

Na sonraí pearsanta atá in iarratais úsáideoirí a roghnaítear le haghaidh DiscoverEU, scriosfar iad 5 bliana ón dáta áirithinte taistil de réir an liosta chomhchoinneála ach amháin más spéis leis an úsáideoir tarraingt siar as an stádas ‘úsáideoir roghnaithe’ agus gan tairbhe a bhaint as maoiniú ón Aontas Eorpach tríd an tionscnamh, agus sa chás sin coinnítear na sonraí ar feadh 2 bhliain ar a mhéad.

 
6.    CÉN CHAOI A gCOSNAÍMID DO SHONRAÍ PEARSANTA?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásail chonarthaigh shonraigh maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’ Rialachán (AE) 2016/679).

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach:

Nuair a shínigh sí an Ráiteas Príobháideachais Sonrach sin, thoiligh eagraíocht a bhfuil an t-údarú aici gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil gan córais TF an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a úsáid ach amháin chun teacht ar chláraithe an Chóir le haghaidh gníomhaíochtaí, teagmháil a dhéanamh leis na cláraithe sin agus tairiscintí de ghníomhaíochtaí a thabhairt dóibh. Is féidir gur gníomhaíochtaí iad seo atá á ndéanamh ag an eagraíocht as a stuaim féin nó ar thionscnamh eagraíochta eile a bhfuil an eagraíocht údaraithe ag gníomhú go hoifigiúil thar a ceann.

Is é sin le rá, gabhfaidh an eagraíocht údaraithe uirthi féin bearta slándála teicniúla agus oibríochtúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann leis an gcaoi a bpróiseálann siad sonraí pearsanta na gcláraithe, agus é sin ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:

  • aon duine neamhúdaraithe a chosc ar rochtain a fháil ar na ríomhchórais lena ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta, agus go háirithe mar a bhaineann sin le

    • léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhúdaraithe meán stórála;

    • ionchur neamhúdaraithe sonraí mar aon le haon nochtadh, athrú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta atá stóráilte;

    • daoine neamhúdaraithe a chosc ar chórais phróiseála sonraí a úsáid le cabhair saoráidí tarchurtha sonraí;

  • deimhin a dhéanamh de nach mbeidh rochtain ar na sonraí pearsanta atá ceadaithe dóibh faoin gcead rochtana atá acu ach ag úsáideoirí údaraithe córais phróiseála sonraí;

  • taifead a dhéanamh de na sonraí pearsanta faoi leith a roinneadh, cathain agus cé dó é sin;

  • deimhin a dhéanamh de go bhfuil sonraí pearsanta á bpróiseáil de réir na bhforálacha maidir le cosaint sonraí atá leagtha síos i reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit féin;

  • deimhin a dhéanamh de nach féidir sonraí a léamh, a chóipeáil ná a scriosadh gan údarú fad is a bheidh sonraí pearsanta á roinnt nó fad is a bheidh meáin stórála á n-iompar;

  • a struchtúr eagraíochtúil a dhearadh ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.
    Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin, tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an riosca go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus i bhfianaise na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

 
7.    CÉ AIGE A mBEIDH ROCHTAIN AR DO SHONRAÍ PEARSANTA AGUS CÉ DÓ A NOCHTFAR IAD?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise.

  • Soláthar eolais

    • Tá radharc ag an bpobal ar na sonraí teagmhála ábhartha a bhaineann le haon duine ar chuir eagarthóir údaraithe de chuid EYP ainm an duine sin le halt, le mír nuachta nó le hócáid – mar shampla ainm an teagmhálaí phoiblí a luaitear le hócáid nó le mír nuachta.

    • Tá rochtain ag baill foirne Eurodesk i Nasc na Bruiséile agus ag baill foirne eagraíochtaí náisiúnta atá i líonra Eurodesk ar na sonraí sin freisin.

    • Tá rochtain freisin ar na sonraí sin ag riarthóirí EYP.

  • An fhoirm chun cheist a chur

    • Beidh rochtain ag Eurodesk, Nasc na Bruiséile, líona na n-eagraíochtaí náisiúnta Eurodesk agus riarthóirí EYP ar na sonraí teagmhála.

  • An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

    • Beidh radharc ag an bpobal ar shonraí teagmhála ionadaithe údaraithe ó eagraíochtaí a bhfuil an t-údarú acu gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil más í an eagraíocht féin a chuir an t-eolas sin leis an bpróifíl atá aige a fhoilsítear ar leathanaigh ghréasáin an Chóir.

    • Beidh radharc ag an bpobal freisin ar ábhar ó úsáideoirí agus ar nótaí tráchta arna bpostáil agus arna gcomhroinnt ag cláraithe sa Chór faoina n-eispéireas leis an gCór, maille lena n-abhatár agus a suíomh reatha, más rud é gur sonraíodh iad sin.

    • Is féidir le cláraithe an Chóir breathnú ar a sonraí pearsanta agus iad a thabhairt cothrom le dáta ach logáil isteach sa chuntas atá acu don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Tá siad freagrach as cáilíocht a gcuid sonraí féin agus tá sé de cheart acu a gcuntas a scriosadh ag am ar bith.

    • Trí aip mhóibíleach an Chóir, féadfaidh cláraithe an Chóir na postálacha a sheol siad isteach faoina n-eispéireas leis an gCór a fheiceáil, a chomhroinnt, a chur in eagar agus a scriosadh freisin. Féadfaidh siad postálacha arna seoladh isteach ag cláraithe eile a fheiceáil agus nótaí tráchta a fhágáil fúthu freisin, agus postálacha a thuairisciú chuig riarthóirí an Chóir má mheasann siad go sáraíonn na postálacha sin na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide. Ina theannta sin, féadfaidh cláraithe an Chóir a n-abhatár próifíle agus a suíomh reatha a uaslódáil, a athrú nó a scriosadh ar aip mhóibíleach an Chóir.

    • Tá rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann le cláraithe de chuid an Chóir ag ionadaithe údaraithe eagraíochtaí a bhfuil an t-údarú acu gníomhaíochtaí de chuid an Chóir a reáchtáil

    • Sonraí pearsanta chláraithe an Chóir, tá rochtain ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta atá freagrach as Erasmus+ a chur chun feidhme orthu mar aon leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun cúnamh a chur ar fáil d’ionadaithe údaraithe eagraíochtaí, sin agus chun seiceálacha, iniúchtaí agus meastóireachtaí a dhéanamh ar thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus ina bhfuil na cláraithe páirteach.

    • Tá rochtain ag riarthóirí an Chóir agus ag riarthóirí na gclár éagsúla de chuid an Aontais trína gcuireann eagraíochtaí údaraithe gníomhaíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar fáil, ar shonraí pearsanta chláraithe an Chóir freisin.

    • Is féidir sonraí pearsanta a roinnt le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhféadfadh suim a bheith acu teagmháil a dhéanamh leis na cláraithe.

    • Is féidir sonraí pearsanta na n-iarrthóirí roghnaithe a roinnt le heagraíochtaí meán clóite, teilifíse nó raidió arna roghnú ag an gCoimisiún Eorpach tar éis do na hiarratasóirí aontú leis sin go sainráite.

    • Féadfar sonraí pearsanta teoranta de chuid chláraithe an Chóir (céadainm, sloinne, dáta breithe, tír chónaithe, náisiúntacht, seoladh ríomhphoist) a sheoladh chuig uirlisí eile atá faoi bhainistiú AS EAC agus a bhfuil rochtain ag eagraíochtaí údaraithe, Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus riarthóirí an Chóir orthu.

    • Seolfar sonraí pearsanta chláraithe an Chóir (céadainm, sloinne, dáta breithe, tír chónaithe, náisiúntacht, seoladh ríomhphoist, inscne) chuig conraitheoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun cumhdach árachais chláraithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhainistiú. Beidh rannpháirtithe clúdaithe ag soláthraí árachais difriúil, rud a bheidh ag brath ar an tréimhse ina mbeidh a dtionscadal ar siúl. Tá an Fógra um Chosaint Sonraí maidir le hárachas CIGNA bailí do thionscadail 2018-2020 atá ar siúl faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2014-2020 agus do thionscadail a thosaigh roimh an 7 Feabhra 2023 faoi CAI reatha 2021-2027. Tá an Fógra um Chosaint Sonraí maidir le hárachas Henner bailí do thionscadail atá ar siúl faoi CAI reatha 2021-2027 ar thosaigh an 7 Feabhra 2023.

    • Seolfar sonraí pearsanta teoranta rannpháirtithe an Chóir (céadainm, sloinne, dáta breithe, seoladh ríomhphoist, tír chónaithe) chuig uirlis sheachtrach ‘Youthpass’ chun go mbeidh sé ar chumas rannpháirtithe taifead a dhéanamh dá dtorthaí foghlama neamhfhoirmiúla más mian leo.

    • Seolfar sonraí pearsanta teoranta de chuid chláraithe/rannpháirtithe an Chóir (céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, ainm úsáideora EU Login, teanga teagmhála, tír chónaithe, cathair (má shainmhínítear í)) ar spéis leo na Cúrsaí Oiliúna Ginearálta nó na cúrsaí san Obair Dheonach i réimse na Cabhrach Daonnúla a leanúint, chuig ardán Acadamh an Aontais chun go mbeidh rochtain ag cláraithe/rannpháirtithe ar na cúrsaí sin. Cuirfear cláraithe an Chóir ar an eolas faoin bhFógra um Chosaint Sonraí maidir leis an Oiliúint Ghinearálta Ar Líne sula n-aistreofar a gcuid sonraí ó EYP chuig ardán Acadamh an Aontais. Tá Ráiteas Príobháideachais dá chuid féin ag an ardán, atá le fáil ar an leathanach gréasáin. Ina theannta sin, tar éis do chláraithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh spéis a léiriú in Obair Dheonach i réimse na Cabhrach Daonnúla, beidh an deis acu oiliúint shonrach a dhéanamh ar ardán Acadamh an Aontais, a mbeidh rochtain acu air trína bpróifíl don Chór. Cuirfear cláraithe an Chóir ar an eolas faoin bhFógra um Chosaint Sonraí maidir leis an Oiliúint i réimse na Cabhrach Daonnúla sula n-aistreofar a gcuid sonraí ó EYP chuig ardán Acadamh an Aontais Eorpaigh.

    • Beidh rochtain ag riarthóirí an Chóir ar an ábhar arna ghiniúint ag an úsáideoir féin agus ar nótaí tráchta arna bpostáil ag cláraithe an Chóir faoina n-eispéireas leis an gCór.

    • D’fhéadfaí sonraí pearsanta teoranta rannpháirtithe an Chóir (céadainm, sloinne, dáta breithe, seoladh ríomhphoist, tír chónaithe) a sheoladh chuig Toscaireachtaí an Aontais chun iad a choinneáil ar an eolas maidir le rannpháirtithe an Chóir atá imlonnaithe sna tíortha ina bhfuil na Toscaireachtaí sin lonnaithe.

  • Bunachar sonraí d’eagraíochtaí agus de dheiseanna

    • Sonraí teagmhála pearsanta daoine a bhfuil baint acu le heagraíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhfuil Lipéad Cáilíochta acu, ar deiseanna iad ar féidir leis an bpobal i gcoitinne breathnú orthu.

    • Is féidir le hionadaithe údaraithe eagraíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh rochtain a fháil ar shonraí teagmhála pearsanta daoine a bhfuil baint acu leis na heagraíochta sonracha sin agus lena gcuid tionscadal.

  • DiscoverEU

    • Is é an t-iarratasóir atá freagrach as cáilíocht a chuid sonraí féin.

    • Tá rochtain freisin ag riarthóirí DiscoverEU ar shonraí pearsanta iarratasóirí.

    • Is féidir sonraí pearsanta a roinnt le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhféadfadh suim a bheith acu teagmháil a dhéanamh leis na cláraithe.

    • Is féidir sonraí pearsanta na n-iarratasóirí roghnaithe a roinnt le heagraíochtaí meán clóite, teilifíse nó raidió arna roghnú ag an gCoimisiún Eorpach tar éis do na hiarratasóirí aontú leis sin go sainráite.

    • Féadfaidh conraitheoir údaraithe an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí cumarsáide teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí a roghnaíonn Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ nó an Coimisiún Eorpach le ríomhphost nó ar an bhfón. Nuair is infheidhme, agus má aontaíonn an t-iarratasóir roghnaithe amhlaidh, féadfaidh an conraitheoir ticéad taistil a chur in áirithe don iarratasóir roghnaithe chun freastal ar imeacht. Roghnóidh an conraitheoir na hoibreoirí iompair tríú páirtí (iarnród i bprionsabal) is saoire agus is oiriúnaí.

    • Chun na ticéid taistil a chur in áirithe, féadfaidh an conraitheoir an t-oibreoir taistil sainaitheanta agus an nasc chuig foirmeacha áirithinte ar líne an oibreora iompair tríú páirtí agus an ráiteas príobháideachais is infheidhme a roinnt leis na hiarratasóirí. Beidh ar an iarratasóir na foirmeacha áirithinte sin a líonadh isteach chun ticéid a chur in áirithe agus seiceáil isteach ar líne a dhéanamh. Tabhair d'aire nach bhfeidhmíonn oibreoirí iompair tríú páirtí den sórt sin faoi rialú an Choimisiúin Eorpaigh nó faoi rialú chonraitheoir údaraithe an Choimisiúin Eorpaigh agus d'fhéadfadh go mbeadh cleachtais phríobháideachais na dtríú páirtithe sin éagsúil ón ráiteas príobháideachais seo. Níl an Coimisiún Eorpach ná an conraitheoir údaraithe freagrach as cleachtais phríobháideachais na dtríú páirtithe sin nó na ráitis phríobháideachais lena mbaineann. Ní mór d'iarratasóirí roghnaithe a bheith ar an eolas maidir le ráitis phríobháideachais na dtríú páirtithe sin nuair a thoilíonn siad do cheannacháin nó áirithintí trí shuíomh gréasáin nó trí fheidhmchlár an oibreora iompair. Molaimid duit ráitis phríobháideachais gach tríú páirtí a léamh chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis na cleachtais phríobháideachais atá acu.

    • Chun an pas taistil agus na seirbhísí coimhdeacha a fháil, an áirithint taistil san áireamh, cuirfear na rannpháirtithe a roghnófar (daoine atá ar an liosta feithimh ina measc, má úsáidtear é) ar an eolas faoin bhFógra um Chosaint Sonraí maidir le DiscoverEU sula n-aistreofar a gcuid sonraí chuig an gconraitheoir údaraithe.

    • Féadfar sonraí pearsanta iarratasóirí nár roghnaíodh a tharchur chuig an gconraitheoir chun an cárta EYCA a fháil.

Ina theannta sin, beidh rochtain ag na dreamanna seo a leanas ar shonraí pearsanta:

  • Foireann AS EAC a bhíonn freagrach as seirbhísí a chur chun feidhme trí Thairseach Eorpach na hÓige;

  • Foireann aonad ríomhaireachta (TF) Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir (AS EAC).

  • Foireann ó Sheirbhísí inniúla eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh atá comhfhreagrach as seirbhísí a chur chun feidhme trí Thairseach Eorpach na hÓige.

Féadfar iad a nochtadh, más gá, do na daoine seo:

  • Foireann Struchtúr Iniúchta Inmheánaigh AS EAC

  • Foireann AS IAS

  • Foireann OLAF

Féadfaidh na próiseálaithe seo a leanas arna n-údarú ag an gCoimisiún Eorpach sonraí pearsanta a rochtain:

  • Eurodesk, Nasc na Bruiséile;

  • Eagraíochtaí Náisiúnta Eurodesk;

  • eagraíochtaí údaraithe de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;

  • conraitheoir árachais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;

  • Grúpaí Oibre Náisiúnta Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh;

  • conraitheoirí agus fochonraitheoirí DiscoverEU;

  • Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (an Líona RAY san áireamh);

  • fophróiseálaithe údaraithe na nÚdarás Náisiúnta;

  • Toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

Tá sonraí teagmhála na bpróiseálaithe seachtracha sin ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://youth.europa.eu/privacy/external-processors_ga.  

Chomh maith leis sin, feidhmíonn AS EAC agus EACEA mar chomhrialaitheoirí maidir le DiscoverEU toisc go ndéanann siad próiseáil chomhpháirteach ar shonraí pearsanta na n-iarratasóirí a chuireann iarratas isteach ar Thairseach Eorpach na hÓige chun pasanna taistil DiscoverEU a fháil.

Aistriú idirnáisiúnta sonraí: 

Aistrítear sonraí pearsanta chláraithe an Chóir chuig eagraíochtaí ó thríú tíortha lasmuigh den Aontas/LEE a bhfuil Lipéad Cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (tíortha an chláir agus tíortha comhpháirtíochta) orthu ach nach bhfuil aon chinneadh leordhóthanachta déanta ina leith (chuig tíortha an chláir san áireamh – an Tuirc, an tSeirbia agus an Mhacadóin Thuaidh). Sa chás sin, beidh leibhéal cosanta do shonraí pearsanta ag brath ar dhlí nó ar chleachtas an tríú tír sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh do chearta maidir le cosaint sonraí coibhéiseach leis na cearta atá agat i dtír den Aontas/LEE nó i dtír a bhfuil cinneadh leordhóthanachta déanta ina leith.

 

8.    CÉ NA CEARTA ATÁ AGAT AGUS CÉN CHAOI A bhFEIDHMÍTEAR IAD?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart rochtain a bheith agat ar do shonraí pearsanta agus iad a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do DG.EAC.B.3 le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin, más gá. Tá a chuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos. 

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, tabhair tuairisc orthu (i.e. a dTagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

Nuair a bheidh sé réidh agus foilsithe, is féidir an ráiteas príobháideachais seo a léamh ar Thairseach Eorpach na hÓige (https://youth.europa.eu/privacy_en), sa rannóg ‘Príobháideacht’ sa bhuntásc. Ina theannta sin, roinnfear an ráiteas príobháideachais leis na hábhair sonraí láithreach a luaithe a bheidh a seoladh ríomhphoist ar eolas.

 
9.    SONRAÍ TEAGMHÁLA
  • Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí
    ag: Ceann Aonaid, An Oifig um Óige, Dlúthpháirtíocht le hOibrithe Deonacha agus Tréimhsí Oiliúna, Rue Joseph II 70, B-1049, An Bhruiséil, ríomhphost: [email protected].

  • Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
    ([email protected]) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. is féidir gearán a dhéanamh leis) ([email protected]) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

 
10.    TUILLEADH EOLAIS

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála uile ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register. 

Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach seo le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00371.3.

OSZAR »