Skip to main content

Straitéis AE i leith na hÓige

D'fhorbair an tAontas Straitéis AE i leith na hÓige agus is mian leis daoine óga a spreagadh chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus chun páirt a ghlacadh sa daonlathas agus sa tsochaí. Is maith linn go n-inseoidh daoine óga dúinn na rudaí atá tábhachtach dóibh trí pháirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais.

Grúpa an Aontais Eorpaigh um Páirtithe Leasmhara na hÓige

Cad is cuspóir do Ghrúpa an Aontais Eorpaigh um Páirtithe Leasmhara na hÓige?

Is é is aidhm do Ghrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige dul i dteagmháil le heagraíochtaí Eorpacha don óige, comhairlí náisiúnta óige, taighdeoirí óige, ionadaithe na mBallstát agus institiúidí eile de chuid an Aontais maidir le cur chun feidhme oidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 2022 agus Straitéis Óige 2019-2027 an Aontais, agus malartuithe agus comhairliúcháin óige a éascú maidir le tionscnaimh bheartais de chuid an Aontais atá le teacht. 

Déanfaidh an Grúpa an méid seo a leanas:

  1. eolas agus dea-chleachtas a mhalartú, daoine óga a chur i dteagmháil lena chéile agus é a chur ar a gcumas Straitéis Óige 2019-2027 an Aontais agus na hionstraimí a ghabhann léi a chur i bhfeidhm, Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg san áireamh;
  2. próiseas ‘seiceáil óige’ an Choimisiúin a éascú, go háirithe comhairliúcháin le daoine óga, le heagraíochtaí don óige agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile;
  3. tuiscint níos fearr a bheith ann ar riachtanais agus ar ábhair imní daoine óga agus eagraíochtaí óige, maidir lena n-éagsúlacht agus ar leibhéil éagsúla, agus
  4. feidhmiú mar a bheadh bonn braite agus gorlann smaointe agus gníomhaíochtaí ann, as a n-eascródh tionscnaimh chomhpháirteacha chun leasa daoine óga.

Conas a oibríonn Grúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige?

Is é an Coimisiún Eorpach a eagraíonn cruinnithe tiomnaithe den Ghrúpa. Idir na cruinnithe, is féidir le comhaltaí an Ghrúpa eolas agus dea-chleachtas a mhalartú ar ardán ar líne. 

An chéad chruinniú de Ghrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige: 27–28 Márta 2025 sa Bhruiséil 

Cé atá páirteach i nGrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige?

Tagann ionadaithe an Aontais, ionadaithe ó Bhallstáit/aireachtaí an Aontais, comhairlí náisiúnta óige an Aontais, páirtithe leasmhara roghnaithe na hóige ar an leibhéal Eorpach, agus taighdeoirí óige le chéile sa Ghrúpa. 

Is é an Coimisiún Eorpach a chomhordaíonn an Grúpa. Is é Comhordaitheoir Eorpach na hÓige a bhíonn ina chathaoirleach ar chruinnithe an Ghrúpa. 

Conas a roghnaíodh comhaltaí Ghrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige?

Iarradh ar na Ballstáit uile agus ar chomhairlí náisiúnta na hóige ionadaithe a ainmniú don ghrúpa. 

I mí Iúil 2024 sheol an Coimisiún Eorpach glao oscailte ar eagraíochtaí óige ar an leibhéal Eorpach ar spéis leo a bheith ina gcomhaltaí de Ghrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige. 

As measc na 76 iarratas a fuarthas, measadh 66 eagraíocht a bheith incháilithe. Bunaithe ar na critéir roghnúcháin a bhfuil cur síos orthu sa ghlao ar léiriú spéise, agus ar an ngá atá le cothromaíocht a chinntiú idir cumhdach geografach, saineolas ar réimsí beartais agus éagsúlacht, 40 eagraíocht a roghnaíodh le bheith ina gcomhaltaí de Ghrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige. Féach liosta iomlán na n-eagraíochtaí roghnaithe.

As na n-eagraíochtaí roghnaithe:

  • Tá 71% acu faoi stiúir daoine óga. Tá struchtúr comhairleach óige ag an gcuid eile, rud a chuireann leis an bpróiseas cinnteoireachta;
  • 54% acu, níl siad ina gcuid d’aon líonra eile, d’aon ghrúpa páirtithe leasmhara eile ná d’aon ghrúpa saineolaithe eile a reáchtálann an Coimisiún Eorpach;
  • rannchuidíonn 46% acu le hIdirphlé an Aontais leis an Aos Óg
  • Tá gníomhaíochtaí nó comhaltaí ag 27% acu sna Ballstáit uile. Tá gníomhaíochtaí nó comhaltaí ag an gcuid eile i leath na mBallstát uile, ar a laghad.

Má tá aon cheist agat a bhaineann le Grúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le [email protected]. 

OSZAR »