Skip to main content
© rapapaper_ © rapapaper_

An t-eolas atá ag teastáil uait sula dtéann tú ar d’aistear DiscoverEU!

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 08/02/2024

Tá cultúir le blaiseadh, teangacha le foghlaim agus stair le nochtadh ar fud na hEorpa, sin agus neart daoine nár casadh ort go fóill. Chun cabhrú leat tosú, tá leideanna taistil inrochtana agus comhairle phraiticiúil á gcur ar fáil againn duit a chuideoidh leat ar do bhealach.

Sula dtéann tú ag taisteal

Déan cinnte de nach mbainfear geit asat! Déan iarracht do thuras a chur in áirithe roimh ré ionas go mbeidh am agat taighde a dhéanamh ar inrochtaineacht na háite ar mian leat cuairt a thabhairt uirthi.

Dá eagraithe agus ullmhaithe is atá tú, is é is lú strus a bheidh ort mar go mbeidh a fhios agat cad leis ar cheart duit a bheith ag súil. Bíodh plean réidh agat ar fhaitíos.

Leideanna riachtanacha faoi do thuras

  • Déan cinnte de go gcoinneoidh tú do chuid earraí sábháilte agus go mbeidh tú ar an eolas faoi do chearta paisinéirí. 
  • Tabhair aire duit féin agus bíodh do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte leat. 
  • Gníomhaigh go hinbhuanaithe, ceannaigh buidéal uisce in-athúsáidte le go seachnófar dramhaíl nach bhfuil aon ghá léi.
  • Tóg do chuid ama, ná brostaigh ó áit go háit agus coinnigh súil ar an méid a chaitheann tú. 
  • Agus ar ndóigh, bíodh muinín agat asat féin, tá níos mó ar eolas agat ná mar a cheapann tú. Cas le daoine áitiúla agus foghlaim tuilleadh faoina gcultúr, bain triail as bia nua agus gearr bealach nua – cá bhfios cad a gheofá amach!

Bí sábháilte

Tá ullmhúchán ríthábhachtach chun rioscaí a íoslaghdú. Déan cinnte de go ndéanann tú go leor taighde ar do chinn scríbe, go gcuireann tú do lóistín in áirithe roimh ré agus go gcoinníonn tú cóipeanna clóite breise de gach áirithint agus de dhoiciméid thábhachtacha eile ar eagla na heagla. Ba cheart duit freisin do theaghlach agus do chairde a choinneáil ar an eolas faoi do chúrsa taistil iomlán ionas go mbeidh a fhios acu cá háit a mbeidh tú i gcónaí. Más féidir, téigh ag taisteal le grúpa daoine a bhfuil aithne agat orthu agus a bhfuil iontaoibh agat astu le go mbeidh sibh in ann súil a choinneáil ar a chéile. Ná déan dearmad fearas garchabhrach a phacáil freisin! Agus an rud is tábhachtaí ar fad, bíodh aird agat ar a bhfuil timpeall ort agus úsáid do bhreithiúnas féin maidir le haon ní amhrasach. 

Do dhoiciméid agus do sheicliosta

Seans nach é an páipéarachas an chuid is spraíúla den turas ach tá sé ar na gnéithe is tábhachtaí de. Cuir tic le gach doiciméad ríthábhachtach ar ár seicliosta le bheith cinnte de nach bhfágfaidh tú aon cheann acu sa bhaile! Chomh maith leis sin, ná déan dearmad breathnú ar an treoir iomlán maidir le hullmhú do DiscoverEU. 

Ar aghaidh linn! Tá eachtraí romhat! 

Eolas a chur ar thíortha agus ar chultúir nua, do dhúshlán féin a thabhairt agus triail a bhaint as rudaí nua, sin é bun agus barr DiscoverEU. An bhfuil tú réidh don torann seasta a thagann ó na rothaí ar na rianta, don mhealltacht dhosháraithe a bhaineann le suí in aice na fuinneoige ag smaoineamh ar mhistéir na cruinne agus don sásamh a bhaineann le bheith in ann léamh gan meadhrán a bheith ionat?

Agus tá a fhios agat cad a deir siad, is é an t-aistear féin an ceann scríbe, mar sin cén fáth nach gcuirfeá eolas ar an Eoraip trí thaisteal ar chuid de na bealaí traenach is iontaí dá bhfuil ann?

Tá pacáiste eolais taistil ar fáil duit:

a) Treoir maidir le rialacha/sonraíochtaí DiscoverEU i bhfoirm grafaicí faisnéise

b) Rudaí le feiceáil agus le déanamh le linn do chuid taistil

Treoir a thugann spreagadh duit faoi na háiteanna ar féidir leat dul agus faoi na rudaí is féidir leat a dhéanamh ar chúl éaga, mar aon le leideanna faoin taisteal le linn an tséasúir chiúin, faoin gcultúr fíorúil, faoi na bealaí traenach srl.

c) Seifteanna taistil

d) Pointí tagartha

e) Ceisteanna Coitianta maidir le Sábháilteacht

f) Conas ullmhú

g) Na chéad chéimeanna eile

OSZAR »